Book your stay
Glampáil Bhéal an Mhuirthead
Is rísheoda de chuid Slí an Atlantaigh Fhiáin é Béal an Mhuirthead. Suite ar chósta thiar Mhaigh Eo i measc aillte, tránna áille agus radharc na sléibhte béaldorais. Is fiú go mór cuairt a thabhairt.

Faighneoga Glampála
Tairgeann Glampáil Bhéal an Mhuirthead saoire iontach do theaghlaigh, cairde agus lánúineacha i suíomh galánta agus compordach. Vótáladh Béal an Mhuirthead mar ‘An Áit ‘Fhiáin’ is Fearr le Dul in Éirinn’ (The Irish Times) Roghnaíodh é mar gheall ar a chothromaíocht idir an dúlra, gníomhaíochtaí, fásach agus áilleacht.
Suíomh Idileach
Bí cinnte súil a chaitheamh ar áilleacht Bhéal an Mhuirthead, mar shampla, Oileán Inis Gé, Dún na mBó agus Cuan an Fhóid Duibh. Ar do bhealach ar ais go dtí an fhaighneog, tabhair aghaidh ar Lavelle’s Eagle Bar le haghaidh oíche ‘chraiceáilte agus cheolmhar’ suite díreach trasna an bhóthair ón láthair champála!


Lóistín den scoth
Ceithre fhaighneog ghlampála in aghaidh an tsuímh, a fhreastalaíonn ar chuile riachtanas an chuairteora. Tá gach faighneog feistithe go hiomlán agus deartha go ciallmhar le neart spáis do leaba thoilg i rith an lae agus an rogha ann leaba fhillte bhanríona a úsáid don tráthnóna, seomra folctha ‘ensuite’ le cith, seomra bunc agus cistineach. Chuile ní ón mbaile in aon spás amháin!
Pacáistí Tinte Champa & Beárbaiciú
Is féidir tine a lasadh amuigh faoin spéir le leamhacháin a thóstáil agus do scíth a ligean le do mhuintir, faoi luí na gréine. Bain taitneamh as éirí na gréine agus spéir ghalánta an Atlantaigh, ar do sháimhín só, i d’fhaighneog.


Tabhair peata leat!
Cuirtear fáilte roimh pheataí freisin. Is féidir leat peata a thabhairt chuig faighneoga Bhéal an Mhuirthead, níl le déanamh ach d’aoi speisialta a chur le d’áirithint, mar fhorlíonadh (tuilleadh sonraí anseo thíos). Níl aon ghá peata a thabhairt leat, ar ndóigh, ach a bheith ar an eolas go mbeidh cairde clúmhacha thart ar an suíomh glampála.

